Tá mo leanbh uathach, ar cheart dó níos mó ná teanga amháin a fhoghlaim?

Is rud nádúrtha é gur fearr leat do theanga féin a labhairt le do leanaí. Má bhíonn imní ort go mbeidh fadhb ag baint le do theanga féin a labhairt le do leanbh uathach, is ar do shonsa atá an bhileog seo.

Cad is uathachas ann?

Is riocht fadsaoil é an t-uathachas a athraíonn an chaoi a bhforbraíonn agus a n-oibríonn an inchinn.

Cad é is cúis leis an uathachas?

Ceapann formhór na saineolaithe nach bhfuil cúis amháin uathachais ann, agus uaireanta is féidir leis tarlú mar gheall ar ghéineolaíocht. Tosaíonn sé sula saolaítear leanbh, fiú má thógann sé cúpla bliain le go bhfeictear é. NÍ droch-thuismitheoireacht, vacsaíní, ionfhabhtuithe, aiste bia ná tráma is cúis le huathachas.

An bhfuil leigheas ann?

Níl, níl aon leigheas ann, agus níl aon ghá le leigheas. Níl aon chóir leighis, a mhaíonn gur leigheas uathachais é, ionraic.

Cé hiad na daoine ar féidir leo a bheith uathach?

Is féidir le daoine d’inscne ar bith, dath craicinn ar bith, cultúr ar bith, dúchas ar bith, creideamh ar bith a bheith uathach.

An féidir “fás amach” as uathachas?

Ní féidir, athraíonn taithí agus cumas daoine uathacha i rith a saoil, ar nós gach duine, ach beidh siad uathach i gcónaí. Is cuid thábhachtach d'fhéiniúlacht daoine é an t-uathachas.

Cad is féidir le daoine uathacha déanamh?

s féidir le daoine uathacha rudaí iontacha a dhéanamh, díreach ar nós daoine nach bhfuil uathachas orthu. Níl ann ach gur féidir go ndéanfaidís roinnt rudaí ar bhealach éagsúil.

An rud maith é nó drochrud do leanaí a bhfuil uathachas orthu níos mó ná teanga amháin a chloisteáil nó a labhairt?

An gcuireann fás aníos le roinnt teangacha mearbhall ar leanaí uathacha?

Ní chuireann sé mearbhall orthu, ní fíor sin.

An ndéanann an dátheangachas foghlaim gach teanga níos deacra?

Ní dhéanann sé níos deacra é, ní fíor sin. Is féidir le leanaí uathacha deacrachtaí a bheith acu le teanga, ach is féidir leo roinnt teangacha a fhoghlaim ar fad. B'fhéidir go dtógfadh sé beagán níos faide orthu, ach tá sé seo coitianta do gach leanbh dátheangach.

Cad faoi mura labhraíonn mo leanbh?

Fiú mura labhraíonn do leanbh, is féidir leo roinnt teangacha a thuiscint go fóill. Is féidir go mbíonn sé deacair ag do leanbh teanga a thuiscint freisin, ach ní athróidh labhairt le do leanbh i níos mó ná teanga amháin an méid atá siad in ann a labhairt nó a thuiscint. Ní dhéanfaidh roinnt teangacha a labhairt le do leanbh dochar dóibh.

Ar cheart dom stopadh de bheith ag labhairt mo theanga féin agus Béarla a úsáid ina hionad?

Níor cheart, labhair an teanga is compordaí agat. Léiríonn an taighde gurb é seo is fearr do thuismitheoirí agus do leanaí.

An bhfuil sé níos deacra do mo leanbh rudaí a fhoghlaim agus a thuiscint mar gheall ar a bheith ag fás aníos le dhá theanga?

Níl, ní chuireann sé isteach ar scileanna smaointeoireachta agus foghlama do leanbh a bheith ag fás aníos le roinnt teangacha.

An bhfuil rudaí maithe ag baint le bheith ag fás aníos le roinnt teangacha do mo pháiste uathach?

Tá, tá go leor rudaí maithe ann! Cuideoidh do theanga le do leanbh nascadh le bhur dteaghlach agus le bhur bpobal. Is féidir leis a bheith an-mhaith freisin dá s(h)aol amach anseo. Bíonn roinnt teangacha ina chuidiú do dhaoine a thuiscint, teacht ar chaitheamh aimsire agus ar suimeanna nua, agus poist a fháil.

Bíodh go labhróidh tú teanga amháin nó dhá theanga, roghnaigh an rogha is fearr do do theaghlach.